Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 559
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear in a chómhnuidhe i nDhubhloc agus ní raibh éinne in éinfheacht leis acht a bhean agus páiste beag.”
Bhí fear ina chómhnuidhe i nDhubloc agus ní raibh éinne in éinfheacht leis acht a bhean agus páiste beag. Ní raibh aca acht bothán beag. Éamonn Ó Máille an t-ainm a bhí air. Oidhche amháin bhi siad go léir in a gcodladh acht an fear. Bhí sé ag caitheamh a phíopa. Bhí an páiste taobh amuigh de'n leabaidh ins an gcliabhán agus ní raibh an doras acht leath-dhúnta. Tháinig triúr fear isteach. Bhí aithne ag an bhfear ar bheirt aca agus chuala sé iad ag radh go ngoidfheadh siad an páiste. D'éirigh an fear a bhí sa leabaidh agus dubhairt sé nach ngoidfeadh siad an páiste agus thóg sé an tlúth in a lámh agus chaith sé leis na bhfearaibh é. Nuair a chuala siad é sin chuaidh siad amach agus dubhairt siad leis an bhfear an doras a dhúnadh go maith gach oidhche. Chuala an fear a bhí sa leabaidh na fir ag radh go raibh páiste i dteach Pádraich Ó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Mhuilligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Mórain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo