Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 575
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chun coinnle a dhéinamh fadó is amhlaidh a chuiridís saill-mhairt isteach i gcorcán ar an dteine. Nuair a bhéadh sé leáighte, thógaidís suas é. Bhíodh múnla aca agus chuiridís ribín tirm luachair isteach ina lár. Líonaidís an múnla leis an saill-mhairt leáighthe agus nuair a bhéadh sé cruaidh thógaidís amach é agus bhéadh coinnle aca. Cfiathar
B'as criocinn coiníní a rinneadh criathar fadó. Is amlaid a gheobhaidís sé nó seacht croiceann agus chuididís aoil ortha chun na gruaige a bhaint asta. Fuagháladh le chéile iad agus chuidisís ar frama é. Cuiridís poll orta leis an meanuithe. Chun coirce do ghlanad cuirtear ar an gcríathar é agus corruightear é agus tuiteann an smuit tríd na pollaibh ar an dtalamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mhuilligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán O Ciaragáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo