Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 577
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche Nodhlag iseadh deintear an bunóg. Saghas cáca mór iseadh í. Seo é an chaoi a deintear í. Cuirtear plúr agus fataí brúite agus mín agus bainne isteach i bpota agus measgtar na ceithre rudaí lé chéile agus deintear taos díobh. Glantar an teallach annsin agus cuirtear duilleóga glasa cabáiste ar an lich. Annsin cuirtear an cáca síos arna duilleogaibh agus cuirtear cúpla duilleog eile ós a chionn. Cuirtear aibhleógaí dóighte ar na duilleógaibh agus fágtar ann é go dí an mhaidin. Is deas é lé nithe.
Bocstaí
Is mar seo a rinneadh bocstí. Gheobhtear tuairim is scór fataí agus baintear an croiceann díobh. Annsin scríobhotar na fataí leis an scríobhúr agus faisctear an tuisge uathu. Cuirtear na fataí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Mhuilligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Labhrás Ó Ciaragáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo