Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)
- Suíomh:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Loinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Cuileann
- XML Leathanach 171
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- OIDHCHE SHAMHNA
Creideann na sean daoine go mbíonn gach sídheóg agus gach taidhbhse amuigh an oidhche sin. Déanann siad dochar do gach sméur atá fágtha ar na crainn, agus ní ithtear aon sméur ó'n lá sin amach. Creideann siad freisin go dtugann muintear an tighe a fuair bás roimhe sin cuairt ar an teac oidhche Shamhna. Mar gheall ar sin cuireann na daoine i dtaisge pláta brúitíní agus im agus cabáiste le na n-aghaidh. Ní ceart uisge salach a chaiteamh amach ná uisge glan a thabhairt isteach tar-éis dul faoi na gréine go dtí maidin lár na bharach. Déantar fíon do'n uisge ar fad an oidhche sin. Cuireann na sean daoine suim mhór ar an ngaoith freisin. Bíonn siad ag féachaint cé'n áird a shéideas an ghaoth uaidh. Deireann siad go shéidfidh sé o'n áird sin beagnach i gcomnaidhe. Imrigheann siad go leor cleasanna fresin. Bíonn siad ag leaghadh luaidhe. Crochann siad ubhall ó'n síneál. Bíonn gach duine ag iarriadh breith air le na bhéul. Bíonn cnócha 'ghá dhógadh againn freisin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Fhlannaidhle
- Inscne
- Baineann