Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 244
- XML “Saibhreas Dubh-Airc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt fhear do clann Uí Mhongáin ann uair amháin agsu bhí fear amháin acu ina chomnuidh i nDubh-Airc agus fear eile in a comhnuidhe i Raigh. Rinne fear amhain acu brionglóid trí h-oíche in dhiaidh a chéile go raibh pota oir ins an áit go dtugann siad an 'bruach Dubh' air. Bhí teach cómhnuighthe deanta san ait le cuid maith blianta roimhe sin ach an úsáid a bithir gá dhéanamh de, na a bheith ag coinngeáll cearca ann.
Bhí se orduighthe do na fir ins an mbrionglóid, fear a thabhairt in éinfheacht leo ach níor thug, agus chuaidh an bheirt acu féin i lár an meadhon-oidhche go dtí an Bruach Dubh. Cairt siad poll os comhair dorais an tighe 'na raibh na cearcaí. Nuair a bhí siad an phuill chuala siad torann mar taobh istigh den teach agus tainig faitchíos ortha.
D'imigh siad annsin nuair a bhuail an srannadh iad agus is annsin a cuimhnigh siad nár thug siad an criomhad fear leo. Nuair a thainig an fear rua leis an teach go dtí an teach ar maidin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gamhnáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eamonn Ó Conacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo