Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triúr deirbhsúiracha ag baint fraogh fado agus bhíodar ag cainnt eatorra féin céard a dheanfaidís dá mbeadh fear acú, dúbhairt duine acú go gcuirfeadh sí léine don fraoch air agus dúbhairt duine eile acu go ndeanfadh sí féin an rud céadhna agus an duine ba óige díobh dubhairt sí go mbeadh sí an cineálta lé na fhear agus go mbeidís ar na páistí ba dheise a rugfaí aríamh.
Bhí prionnsa óg taobh thiar dóibh acht ní fhacadar é agus nuair a bhí an cómhrádh críochnuighthe acú thaing an prionnsa chuca agus díarr sé dhoibh cé acu a dúbhairt go mbeadh triúr páistí aice agus go mbeidís ar na páistí ba dheise a rugfaí ariamh agus dinnsígheadar dho ce acú a dubhairt é agus dúbhairt sé go bpósadh sé í dá mbéadh sí féin sásta agus dúbhairt sise go raibh.
Cúpla lá indhiaidh sin phósadh í leis an bprionnsa óg agus mhaireadar go sona séanmhar ar feadh bliana. Annsin rugadh páiste dhóibh agus ba dhathamail ar fad í acht bhí éad ag an mbeirt deirbhsiúir eile léichí agus céard a dhéanfaidís ach an paiste a thógáil leo agus coileán madaidh a chur in a áit. Núair a chonnaic an prionnsa é seo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brígid Ní Cuideagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Maighréad Bean Uí Chinnéidigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo