Scoil: Béal an Mhuirthid (C.) (uimhir rolla 14857)
- Suíomh:
- Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Náraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann uair amháin agus bhí aon mhac amháin aici agus ní dhearna sí faic ariamh acht bí an diabhal air chomh crosta agus a bí sé agus sháruigh ar a mháthair éadaigh a chongbháil air ó bhí sé ina ghasúr bheag agus bhíodh a mháthair ag milleán air i gcómhnuidhe acht faoi dheireadh dubhairt sé lei craiceann tairbh a fághail dó ná go mdéanfad sé culaith éadaigh dhó fhein agus fuair. Rinne sé an culaith agus nuair a bí se réidh dubhairt sé lei go raibh sé ag dul ar aimsir na dtainic leis cur suas lei níos fuide mar gheall ar go raibh sí ag milleán air go síorruidhe. Ó a mhaicín ó," ar sise "Ná bac leis sin is fearr an troid na an t-uaigneas." "Deamhan miste liom mar imtheochaidh me," ar seisean. Sáthach moch lá ar na bhárach bhuail sé an bóthar acht bhí sé na fhear an láidir agus d'imthigh leis treasna na coille agus bhí sé ag tarraing i crann as an talamh le haghaidh maide laime. Bhí sé ag imtheacht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Page
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- M. Cáit Page
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo