Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)léigh sé an tríómhadh Aifreann i bparráiste na h-Achamhadh inIorrus.Cailleadh ibparráiste na h-Achamhadh é. Bhí muinntir na dtrí bparráistí 'san tsochraid an lá sin agus bhí gach dream aca arais in a n-áit féin sa tráthnóna. Seo é an chaoi a ndearnadh é. D'fhág muinntir na h-Achmhadh a chorp i bparráiste Chill Chuimín agus d'fhág muinntir Chill Chuimín i bparráiste Dhúin Éinig é agus d'iomchur muinntir Dhún Éinig go Mainistir na Maidne é. Annsin a h-adhlachadh é agus bhí muinntir na dtrí bparráistí arais in a bparráistí féin sa tráthnóna.Bhí teampall Dhún Éinig bán feadh ibhfad. Ní raibh aon sagart ann le Aifreann arádh ann. Leagadh an teampall le saighdiúiribh "Chromaill." Annsin thóg nacsaigh (?) Chaisleán Raobaigh na Protastúnaigh isteach chun na h-áite seo agus ní raibh aon teach phobail acha le seirbhís a dhéanamh ann. Fuair siad saor-chloiche leis na ballóg a thógáil suas arís.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Dorchartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Ardubh, Co. Mhaigh Eo