Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deich mbliadhna agus trí fichid ó shoin bhí buachaill aimsire ag Diúisí Mór i gCeathramhadh Giobach darb ainm Marcus Ó Beirn.
Oidhche Bhreagh Shamhraidh bhí Marcus ag ceangail an chapaill in áit uaignigh a dtugann siad Poll Gorm air. Níor tháinig sé ar ais ar feadh na h-oidhche. Ní raibh a fhios ag Diúisí san domhan céard a d'éirigh dhó. Bhí an - eragla air mar gur cheap sé go raibh sé caillte.
Lá ar na bhárach nuair a bhí Diúisí ag ithe a bhreicfeásta cé tháinig isteach an doras ach Marcus agus é fluich báidhte ó cheann go cois le h-allus . "Óra bhóra"! arsa Diúisí "céard a thárla dhuit"? "Ó! Éist liom, Éist liom" arsa Marcus Ní'l aon fear in Éirinn a chuaidh tré oiread is a chuaidh mé aréir". Annsin d'innis sé dhó céard a thárla dhó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Loinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ráth Thamhnach, Co. Mhaigh Eo