Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)
- Suíomh:
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
- XML Leathanach 166
- XML “An Reilig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá ceithre reilg i bparróiste Lios Mór. Tá ceann aca ag baint le teampall Naomh Cárthaigh. Tá ceann eile i mBaile Sagart ag baint leis an teampall ann agus tá alán daoine curtha ann. Ar son na bhfuil an teampall ach trí bhlian is fiche ar aosta. Cuirtear a lán daoine i ngárda an teampall i Lios Mór. Tá an reilig sin timcheall leath céad slat ó geata an teampall. Tá séipéal beag in a lár agus is ann a tógthar an cuirp ad dtúis agus ansan a deireann an sagart na paidreacha ós cionn an cuirp. Reilg an aosta is eadh reilg Naomh Cárthaigh. Tá sé ar do lámh deas ag dul isteach don t-sráid ón dtaobh seo. Cuirtear go leor daoine ann fós. Tá na reilgí go léir leibhéalach. Níl aon fothrach in aon ceann de's na reilgí. Tá áiteanna speisialta chun na leanbhaí a cailltear gan baiste a chuireadh. Tá aon áit amháin i mBaile Sagart a ghlaodhann siad an Coill air. Tá cuid mhaith do mhuintear na parróiste curtha i Mocolopa agus ins an Aglis agus in a lán áiteanna eile.
- Bailitheoir
- Micheál de Lundera
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge