Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)
- Suíomh:
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
- XML Leathanach 196
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí buachall beag ann tráth de'n saoghal agus fuair sé píopa ar torramh aon oidhche amháin.”
Bhí buachall beag ann tráth de'n saoghal agus fuair sé píopa ar torramh aon oidhche amháin. Nuair a tháinigh sé abhaile chuir sé an píopa i bfholac i bpoll sa claidhe sa sgioból. Cúpla oidhcheanta ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí an sgioból agus fuair sé an píopa agus dhearg sé é agus thosnuigh sé ag caitheamh tobac. Bhí sé ag déanamh aithris ar na ndaoine fásta agus ní raibh sé ach deich mbliaina d'aois. Ní raibh sé i bhfad á caitheamh nuair a thit sé tinn agus b'éigean dó suidhe síos ar an tuighe mar bhí míobán in a cheann. I gceann tamaill thuit sé a codladh agus an fhaid a bhí sé ina codladh thuit píosa lasrach as a phíopa agus do chuaidh an tuighe agus gach a raibh sa sgioból tré theine. Bhí buachall eile ag gabháil thar brághaid nuair a chonnaic sé an deatach agus do chuaidh sé isteach sa scioból agus do dúisigh sé an buachaill. Baineacht geit as agus do dhein sé a dhícheall é do chur in éag ach níor éirigh leis. Rith an buachall eile isteach go dtí a athair agus d'innis sé dó an scéal go léir. Nuair a chualadh a athair an sgéal thánaigh scannradh air agus rith sé amach comh mear agus dob fhéidir leis. Nuair a chonnaic a athair an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Gríobhta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge