Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)
- Suíomh:
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl an leipreacán ach timcheall trí orlaigh ar aoirde agus bíonn sé in a comhnuidhe fé 'fás na h-aon oidhche' agus bíonn sé ag déanamh breóig i gcomhnuidhe agus bíonn an bróg ar a glún agus bíonn casúr beag aige. Bíonn caipín dearg ar a ceann. Tá srón fada aige agus dhá iongna móra in a dhá cois. Bhí buachaill agus a cáirde in a suidhe cois teine oidhche agus bhíodar ag trácht ar an leipreachán. Dubhairt siad dá mbeirfeadh éinne air go dtabharfad é cróca óir dó. Bíonn sé ag obair in áit uaigneach oidhche spéir gealaighe. Bhí lios in aice na h-áite a raibh an buachaill ina comhnuidhe agus chuaidh sé ann oidhche spéir gealaighe, timcheall a deich a clog, mar ceap sé gurab é an t-am is fearr chun é a bhreith mar deirtear ná fhanann sé amuigh tar éis a dó déag a clog. Bhí an buachall ag siubhal timcheall an lios.