Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)

Suíomh:
Gleann Garra, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 244

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 244

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Leathanach 244
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Is dócha go minic d'airigheas trácht ar an tinncéir sruaineach.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    an muil, ach ní raibh an duine uasal sásta gan teacht go Baile na Tráigh ar eagla gur Tom Tugh a cuiridís anonn cuacha, tháinigh sé. Bhí stal óg eile i mBaile na Tráigh a bhí comh dubh le préacháin, trí cinn de cosa bán aige agus aghaidh bánn aige freisin, teasbáin Cloicleán an capaill sin de'n duine uasal. dubhairt sé leis sé sin an capall atá chun rith i gcoinne an muil i Shasna. Teasbáin sé Tom Togh dó leis agus d'imigh an duine uasal thar nais sásta. Annsan fuair Cloicleán daitheadóir. Chuir sé aghaidh bán ar Tom Togh agus thug sé trí chosa bán dó agus ní bhfeadfadh aoinne a bheith ábalta a rá gurb é Tom Togh nó an capaill óg eile a bheadh ann. I gceann seachtmhain bhuail sé féin agus máigistir Baile na Tráigh ar Sasna agus sé Tom Togh dar ndóigh bhí aca. Ba ghairid gur tháinigh an muil isteach i gcuais an ráis, an marcach ag siúl rompí agus greim ar a srian aige agus a cheann cromtha anuas ar an muil. Ba ghairid annsan gur baineadh an clúdach de, chuireadh an diallaith air agus léim an marcach suas ar a dhrom. An fhad is bhí sé san a dhéanamh bhí Cloichleán af féachaint go géur ar an muil. Bhí a capaill féin í gcóir ag Cloicleán annsan. An gcuridh mé a thuille airgid síos , ná cur leath phingin ruadh, ars Cloicleán, mar is bhfuil síos, gur síos a bhfánadh sé. Tá ceithre cuard ins an ráis seo. An bhfeicin tú an aoirde ar a gcuairsí ó thuaidh? Chím, ars an máighistir Baile na Tráigh nuair a thuan go dtí an aoirde an ceithre uair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge