Scoil: Móin na Míne, Dúngarbhán (uimhir rolla 15658)
- Suíomh:
- Móin na mBian, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Máiréad Ní Chúndúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Móin na Míne, Dúngarbhán
- XML Leathanach 486
- XML “Seanscoil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní raibh na scoileanna a bhí ann fadó cosamhail leis na scoileanna ata ann indhiu ní rabhadar acht tighthe beaga cumhanga dorcha.
Scoil sgairte a tugtar ortha agus máighistirí sgairte a tugtar ar na maighistirí. Bhí dhá ceann des na scoileanna sin i Moonamean. Bhí ceann acu taobh shuas den scoil atá ann indiu agus an ceann eile taobh síos de.
Máirtín Diolún a tugtar ar an máighistir a bhí ag muineadh ann. Bhí sé tamall ag muineadh ins an ceann atá taobh theas de'n scoil agus tamall ag muineadh ins an gceann eile.
Feirmeóirí a bhí na gcomhnuidhe ins na dhá thigh san acht do thugadar iasacht na cistineach nó an scioból don maighistir cun na páistí a mhúineadh.
Maighistir ana-mhaith do beadh Mairtín Diolún. Bhí sé ana mhaith cun áireamh a mhúineadh. Ní fuair sé aon pádh mar a gheibheann na maighistirí indiu acht b'éigean dos na páistí pingin a tabairt dó gach lá agus is minic ná raibh aon pingin acu.
Ní raibh aon binnsí nó stóil ins na tighthe cun na páistí a cur na suidhe ionnta nuair a bhíodar ag foghluim. Ni raibh acu acht cloca móra agus bloc mór d'adhmaid. Ní raibh aon bhinnse ag an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Shlatra
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Riain
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- An Chúil Rua, Co. Phort Láirge