School: Móin na Míne, Dúngarbhán (roll number 15658)
- Location:
- Móin na mBian, Co. Waterford
- Teacher: Máiréad Ní Chúndúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Móin na Míne, Dúngarbhán
- XML Page 486
- XML “Seanscoil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní raibh na scoileanna a bhí ann fadó cosamhail leis na scoileanna ata ann indhiu ní rabhadar acht tighthe beaga cumhanga dorcha.
Scoil sgairte a tugtar ortha agus máighistirí sgairte a tugtar ar na maighistirí. Bhí dhá ceann des na scoileanna sin i Moonamean. Bhí ceann acu taobh shuas den scoil atá ann indiu agus an ceann eile taobh síos de.
Máirtín Diolún a tugtar ar an máighistir a bhí ag muineadh ann. Bhí sé tamall ag muineadh ins an ceann atá taobh theas de'n scoil agus tamall ag muineadh ins an gceann eile.
Feirmeóirí a bhí na gcomhnuidhe ins na dhá thigh san acht do thugadar iasacht na cistineach nó an scioból don maighistir cun na páistí a mhúineadh.
Maighistir ana-mhaith do beadh Mairtín Diolún. Bhí sé ana mhaith cun áireamh a mhúineadh. Ní fuair sé aon pádh mar a gheibheann na maighistirí indiu acht b'éigean dos na páistí pingin a tabairt dó gach lá agus is minic ná raibh aon pingin acu.
Ní raibh aon binnsí nó stóil ins na tighthe cun na páistí a cur na suidhe ionnta nuair a bhíodar ag foghluim. Ni raibh acu acht cloca móra agus bloc mór d'adhmaid. Ní raibh aon bhinnse ag an(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Shlatra
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Tomás Ó Riain
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Address
- An Chúil Rua, Co. Waterford