Scoil: Móin na Míne, Dúngarbhán (uimhir rolla 15658)
- Suíomh:
- Móin na mBian, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Máiréad Ní Chúndúin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 489](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0642%2FCBES_0642_489.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 489
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí tigh gheata ann uair amháin agus ní chodluigheadh aoinne ins an dtigh mar gach oidhche nuair a ragadh sé a chodladh bheadh rud éigin ag deanamh glor agus fothramh.
Tháinig fear agus dubhairt sé mbeadh fhios aige cad a bhí ann.
Scaip sé plúr mór-thimcheall ar a leaban agus suas an staighre agus annsan chuaidh sé a chodladh.
Is gairid a bhí se na chodladh nuair d'airig se an glor agus radaí ag rith ar an úrlár.
Las sé coinneal agus d'éirigh sé. Ní raibh aon rud le feiscint aige ach rian franncach in gach áit. Chuaidh sé isteach a chodladh agus d'fhan sé ann go sámh go dtí an maidin.- Bailitheoir
- Tomás Ó Mórdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Mórdha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 60
- Seoladh
- Na Roisíní, Co. Phort Láirge