Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 3549)
- Suíomh:
- An Teampall Geal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Liam Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear oibre ag duine uasail fadó.”
Bhí fear oibre ag duine uasal fadó. Sé an ainm a bhí air ná Diarmuid Firinneach. Bhí an-mheas ag an duine air mar bhí sé an-mhacánta agus an-fhírinneach ar fad.
Tháinigh fear ar chuaird chun an duine uasail agus bhíodar ag cur síos ae a lucht oibre. Dúirt an duine uasail gur aige féin a bhí an fear oibre dob fhearr san tír mar nár innis sé breug riamh dó. Dúirt an fear a tháinigh ar cuaird ná chreidfeadh sé é agus go gcuirfeadh sé féin d'fhiachaibh ar Diarmuid bréag do insint. Bhí Diarmuid bocht agus chuaidh an fear a tháinigh ar cuaird an-dhian air chun ceann de chaoirigh a mhaighistir do dhíol leis.
Dhíol Diarmuid an chaora. Nuair a bhí an caora díolta ag Diarmuid tháinigh an-bhrón air agus ní fheadar sé cad é an leath-scéal a bheadh aige don máistir. Chuir sé ramhan ina sheasamh ins an talamh agus a casog air ag ligint air gurab é an máistir a bhí ann. An máistir: "Cad a bain don caoirig a Dhiarmuid". Diarmuid: Cailleadh í a mháistir". "Ní dheinfeadh sin an gnó ach an oiread" arsa sé dó féin. "B'fhearr a bheinn as da innseoinn an fhírinne". Nuair a cheistigh an máistir é d'inis sé an fhírinne dó agus buaidh sé.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cáintigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- James O' Donnell
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- Na Cáintigh, Co. Phort Láirge