Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 3549)
- Suíomh:
- An Teampall Geal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Liam Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Pádraig Mac Craith. Bhí sé ós cionn 6 troighthe ar aoirde agus é cumta dá réir.”
1. Pádraig Mac Craith. Bhí sé ós cionn 6 troighthe ar aoirde agus é cumtha dá réir. Nuair a bhí sé óg ní raibh fear a sárochadh é ag caitheamh meachainí. Gaibh sé duaiseanna ar fuaid na Contae agus leath-smuig di. Bhí an chraobh aige ar an leath chuid agus an ceathrú chuid. Bhí sé ina chónaí in Leachan Dara. Fear ráis be eadh é leis agus is minic a ghaibh sé rás céad slat. Idir na bliainta 1885 agus 1895 a bhíodh sé ag iomaidheacht. Fear tréan, láidir, garbh go raibh luth na gcos agus na lámha aige. Bhí sé mór gan a bheith trom.2. Ag na dceithiní a rugadh agus a thogadh Domhnall Ó Fearacair. Timpeall 1850 rugadh é. Bhí ainm Domhnaill in áirde ar fuaid na hÉireann. Bhí rith agus léim luth agus neart ann. Níor bhuail sé le fear a bhuadhfadh air le na linn. Bhuaidh sé Craobh na hÉireann i gcomórtas iomlán agus é in aois a dachad bliain. Bhí lán seomra de dhuaiseanna aige. Fear lámhach den tsean aimsir be eadh é, óilte, cliste gan eirí in áirde. Fear a dheanfadh rud ar aoinne i bpráidinn go raibh croí mór aige.- Bailitheoir
- Seán Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na mBialach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- P O' Mileadha
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge