Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 3549)
- Suíomh:
- An Teampall Geal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Liam Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn
- XML Leathanach 82
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí tigh mór ag fear fado agus bhí aon chat amháin aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ach dúirt an cat "Chonaic mé cheana thú".(gan teideal)
“Chuaidh fear bocht isteach idtig lá.”
Chuaidh fear bocht isteach i dtigh lá. Bhí deallramh dona ar gach rud a bhí istigh ann. Bhí sé an-fhuar mar ní raibh aon tine ann. Bhí dath an báis ar na páistí a bhí ann. Bhí bean an tighe go brónach. Ba é an rud a dúirt an fear ná "Fallaí fuarach a dheineann bean a' tighe fuarach".
Nuair do bhí an fear bocht ag dul abhaile chuaidh sé isteach i dtig eile. Bhí gach rud go deas ansan. Bhí an tigh comh glan agus a bhfaigheadh sé bheith agus bhí císte mór ar an dtine. Ba é an rud a dúirt an fear ná "Is fuiris fuineadh in aice na tine"- Bailitheoir
- Caitlin Ní Fionngaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Táilliúra Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Riordáin
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Baile Uí Mhaolalaidh Thiar, Co. Phort Láirge
(gan teideal)
“Tá go leor feili againn san mbliain.”
Tá go leor feili againn san mbliain. Tagann Lá Nodlaig ar an cúigear lá fichid de Mí Nodlaig. Sé sin an lá a rugadh an Sláinitheoir ar an saol seo. Is gnáthach go mbíonn níos mó Aifrinn an lá sin a aon lá eile sa mbliain. Bíonn Oíche Nodlaig againn an oíche roimh Lá Nodlaig. Bíonn coinneal mór ag lasadh ag na daoine chun solas a thabhairt don Sláinitheoir nuair a thichfaidh sé go dtí an tigh sin. Bíonn cístí Nodlaig aca comh maith agus mearóg Nodlaig. Bíonn fáinne istigh ins na cístí agus pé duine a fhaigheadh an fáinne sé sin é an(leanann ar an chéad leathanach eile)