Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 3549)
- Suíomh:
- An Teampall Geal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Liam Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí mac ag Uaithne agus dhein sé suas le cailín aimsire a bhí ins an chúirt.”
Bhí mac ag Uaithne agus dhein sé suas le cailín aimsire a bhí ins an chúirt. Lig sé air go raibh fonn air í pósadh agus cuir sé suas í chun an droichead tógála a bhí ag dul isteach ann do fhágaint oscailte an oíche seo. Dúirt sé léi solas do chur i bhfuinneóg i m barr na cúirte nuair a bheadh gach ní i gcóir. Thug sé airgead dos na seirbhísigh eile chun dul go dtí tigh tabhairne. Dhein an cailín mar gheall sí agus isteach le Uaithne agus a chompánaig agus chuireadar ceanglaca ar na h-oifigí. Thógadar a raibh d'ollmhaiteas ann agus thugadar na h-oifigí leo go dtí bun na gComarach. Cuireadar chun báis iad agus cuireadar síos i bpoll doimhin iad a bhí san abhainn mar a fanadar i bhfad, Sé an ainm atá ar an áit sin ó shoin ná Poll na Saighdiúirí.- Bailitheoir
- Máire Ní Cobhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hEalaighe
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Tigh na Coille, Co. Phort Láirge
(gan teideal)
“Fadó bíodh trí méilí sa ló mar a tá anois act ní h-é an biadh ceudhna a bhíodh acu.”
Fadó bíodh trí méilí sa ló mar a tá anois act ní h-é an biadh ceudhna a bhíodh acu. Biodh an bricfeásta go moch ar maidin aca. Don méile seo biodh leite agus bainne géar aca. Uaireannta óltaí bainne sciomtha leis an leite.
Leite, bainne géir agus leamhnacht a bhiodh aca chun an dinnéir agus an rud céanna um tráthnóna. Aon leite is fiche sa tseachtain a thugaidís ar an bia seo. Biodh folláin go raibh neart ann ba eadh an bia sin. Déinfidís go léir oibre roimh a bhricfeást.
Daoine eile an t-am céanna biodh prátaí aca trí h-uaire sa lá. Biodh bainne géar, im agus salann leis na prátaí aca. Is anamh a bhiodh píosa feol maice. Fo-uair biodh iasc aca.(leanann ar an chéad leathanach eile)