Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá an tobar seo ar thaobh an bhóthair gairid do shéipéil Baile an Phuill.
Ar an 28adh lá de Mí Lúnasa a bhíonn an Féile. Leantaidhe des na turasanna ar feadh na n-Ocht Lá.
Tá tigh le h-ais an tobair agus na Chonchúbhairig an dream do chónaigh ann leis na ciantaibh agus is iad a bhíonn cónaí ann acu ar an lá inniú.
An t-am seo atáim ag cur síos ar - seasca bliain ó shoin ann - bhí duine den dream seo agus bhí sé go lag-inntinneach. Chuir a mháthair go dtí an tobar é fé dhéin galún nó crúsca uisce, ach tháinigh sé ar ais gan é.
Cheistigh a mháthair é ach sé an rud amháin a dúirt Patcheen ach 'there's legs there'.
Chuadar amach agus fuaireadar bean báite sa tobar. bhí sí tar éis turas do thabhairt agus ansan bheir sí ar chupán chun deoch d'fháil as an tobar. Nuair do chrom sí sí síos thit sí isteach ar mhullach a cinn agus níor fhéid sí teacht as.- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann