Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear siúil a dhein an caoine seo do Learaí Breathnach a chónaigh i bParóiste Tuar an Fhíona. 'Agent' don tiarna talmhanba eadh Learaí agus ba mhaith an fear é. Bhíodh an fear siúil seo ag cur suas i dtig Learaí ach nuair do bhuail sé an slí an babhta seo bhí leanaí agus a bhean curtha.
Ó Donncha Ó Caoimh a chonaigh i gCnoc a Faille, gairid do Mhainistir Mhillerí. Tá sé anois ar Slí na Fírinne.D'éirigheas féineach go moch ar maidin
Agus chuadas dtí an teaghlach mar ba cleachtadh liom
Ní fhaca mé romham ach connlán leanbh
Bean aosta agus gan aoinne dá farradh
Óig-bean agus deor le na leacain
Agus 'mourning' léi go talamh tré bhás a mháthar agus a athar
Chuadas sa pharlús mar a ndeuntá an eadarshudh
Chuadas is stábla mar a mbíodh ann do chapall
Chuadas id scioból mar a bhíodh na buailteoirí ag allus
Chuadas ar an ród mar a leagtá an ghainnimh
Bhris mé an comhgar tríd d'fhaithche
Féachaint an bhfeicfinn radharc ar mo mharcach
Nó ar an gcúilfionn a bhí go múinte meastamhail
Go mbarfainn cúcha cúntas a gcuid leanbh
Ghlaodhas ar Learaí héachaint an ina codladh bhí
Dúradar go raibh sé ar a dhrom go fann sa mBuidhe Chnoc
Phreabas in seasamh go tapaidh is go bríomhar
Chuaidh mé den stáir úd go sráid an Chnuic Bhuidhe amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Caoimh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc na Faille, Co. Phort Láirge