Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair do bhí an óige agamsa leath-chéad bliain ó shoin, d'airighinn ag m'athair is ag mo mháthair an focal seo scríobhtha ag bárr an leathanaigh seo.
Níot thuigeas cad ba bhrí lis agus admhím ná tuigim i gceart é, is dóigh liom, go dtí an lá atá inniú agam.
Ní bhíodh sé ina mbéal ach amanta speisialta - mar seo :
Dá mbeadh duine ag ithe nó ag ól agus go raghadh an 'anáil ar straé' sa scórnach nó dá raghadh an deoch nó an greim bidh an bealach aimhréidh, d'fhásfaidh casatach id urchar agus nach féadfaidh stad dhéarfadh an té bheadh láithreach 'tó t-sláinte'.
Is é mo thuairim gur bé an bhrí atá leis ach 'tú do shláinte'nó 'tú id t-sláinte'.
Cad is dóigh libh-se?- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann