Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuireadh amach feirmeoir agus a mhuireann timpeall 70 bliain ó shoin anois. Chónaíodar gairid le Ceapach Chuinn. Ansan chuadar go dtí Canada agus chuireadar fútha ann. Ainm an sloinneach - Paorach.1.
Aréir im luí dhom go tréith, lag, sínte
Ag déanamh smaoineadh ar neultaibh suain
Do phreab mé féin suas is chorraig m'intinn
Nuair chualas ghá insint go raibh an long sa chuan.2.
Do dhein mé smaoineamh gur bhfada an t-slí é
Ar uisce doimhin ia an áit ró-fhuar
'Sé dúirt an cladhaire bhí im thabhairt óm' mhuintir
Déin tine d'adhmud is ní baol duit fuacht3.
Sé dúirt an spéir-bhean gurbh olc an léigheann é
Nó bfearr mar spré é ná an 'Mountain Lot'
Nuair a chualas an méid sin is beag nár d'éigas
Cé gur beag mar éifeacht é glórtha ban.4.
Imeóchaidh mé féineach is ní bheadh ag plé leat
Pé áit in Éirinn do gheobhaidh mé sos
Tair-se féineach ó d'mhuintir Gaelach
Sé rá gach aoinne gurb é ár leas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann