Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buachaill isteach san abhainn agus do shabháil sé fear a tighe.
Bhí triúr Ciarraigheach ag baint prátaí le Petticoat Loose uair agus tráthnóna Satharn ní raibh aon sóinseáil aici chun a pá a thabhairt dóibh. An maidin ina dhiaidh sin chuadar go dtí an Pike. Ghlaodh sí ar leath-galún leanna is thug sí isteach sa seomra chucha iad. Fuair sí sóinseáil deich bpúnt is díol sí a bpá leo. Líonadar gloine as an leath galún di ach níor bhlas sí í. Chuir sí a dhá uilinn ar an mbórd agus leig sí a cheann eatortha. Shíl na Ciarraigheach go raibh sí 'na codladh agus d'iarradar í dhúiseacht ach bhí sí tar éis bás. D'imigh na Ciarraigheach ansan is ní fheichtí as san amach iad. Bhíodh sprid Petticoat Loose ag dul mór thimpeall ina dhiaidh sin ach sa deire do dhíbir sagart éigin í ón saol so.- Bailitheoir
- Brigid Ní Dúnúrthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile na Coille, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Máire Tóibín
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coilligeán Beag, Co. Phort Láirge