Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Baile fearann isea Baile na Coille. Tá an baile seo ar an dtaobh theas de Chillbhriain. Ciallaíonn an ainm Baile na Coille áit ina bhfuil na coillte.
Táim im chónaí i mBaile na Coille. Tá mórán feirmeacha desas i mBaile na Coille. Seo chuid des na feirmeóirí i mBaile na Coille - Labhrás Breathnach, Seán Ó Dúnúrtaigh, Pádraig Ó Cobhtaigh agus alán eile.
Tá an páirc ar a dtugtar Bán na hUaighe thíos ag Droichead Baile na Coille agus tá sé le h-ais Choill Bothadúin. Is le Labhrás Breathnach atá Bán na hUaighe anois. Ní raibh Labhrás anseo ón céad lá dá saol ar aon chor. Níl sé ann ach dhá bliain déag nó mar sin. Tháinigh Labhrás Breathnach go Baile na Coille sa mbliain 1920. Is le Éamon Ó Ciardabháin a bhí an áit go dtí an bhliain sin.
Uair amháin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire de Bál
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Seamús Ó Cuilléanáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge