Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 230](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0646%2FCBES_0646_230.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 230
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timpeall fiche bliain ó shoin nó mar sin, bhí fear ag dul ar turus ó Cluain Meala go dtí Dúngarbhán. Bhí sé ag siúl mar ní raibh aon capall ná asal aige.
Nuair a bhí sé ar an mbóthair bhuail sé le fear a bhí ag briseadh cloch i Crosaire Bhéaraigh. Do bheannaigh sé d'on bhfear agus do bheannaigh an fear thar n-ais dó.
D'fhiafraigh an fear siúl de fear an chasúir. "An mó uair a bhainfidh sé díom dul go Dúngarbhán?". Ní raibh fhios aige agus thosnaigh sé ag cuimhneamh.
Ansan d'éirigh fear an casúir ina sheasamh agus chuaidh sé in aonfeacht leis síos an bóthair go dtí tigh an táilliúra. Do thug sé an freagra dó ansan. Dúirt sé leis go mbainfeadh sé dhá uair de chun dul ann. "Dé chúis nár d'inis tú é sin dom ar dtúis?" arsan fear eile. Dúirt fear na clocha leis gur(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Dúnúrthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 13
- Seoladh
- Baile na Coille, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Glaisín
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cnoc Buí, Co. Phort Láirge