Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó riamh bhí baintreach bocht ‘na cómhnuidhe ‘m áit iar gcúltha agus bhí ceathrar páistí aicí.
Chuaidh sí go dtí an Aifreann Domhnach áraigthe agus d’fhág sí na leanbhaí fé cúrram cailín. Do bhí na leannbhaí in aon luígh amháin ag gol ‘s ag béiceadh: Ní n-aon ró-stuam a chuir san ar an gcailín agus bhí sí ar buile cheart. Do bhuail chúiche isteach an t-Áirseóir agus chomharlaigh sé do’n cailín an leanbh óg do chaitheamh isteach i gcorcáin mór a bhí ar an teine. Níorbh fhada gur doigheadh an leanbh bocht agus gur thuit a chuid feola de’s na cnámha. Do theich an cailín annsan. Ba ghairid gur chas an bhean bhocht agus gur chonnaic sí cad a bhí déanta ag an gcailín. Fuair sí mias mór agus bhailigh sí chuichí isteach ann feoil agus cnámhna a leinbh agus níor ghol sí aon(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Cuileanáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Grádaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge