Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
- XML Leathanach 265
- XML “Scéiín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéiín
“Bhí cailín bocht ag cur na slighe dhí oidhche dhorcha.”
Bhí cailín bocht ag cur na slí dhí oíche dorcha. Ní raibh bróg ná stoca ar chois léi. Ní raibh tigh ná treabh i gcóir na h-oíche aici agus bhí sí com tuirseach ó shiúl an lae gur chaith sí í féin i lúib an bhóthair chun fanúint ann go maidin.
Chonaic Ár Slánathóir í agus dúirt sé léi éirí agus dul fé dhéin tighe tórraimh, ná raibh i bhfad uaithi agus go bhfaigheadh sí bheith istig ann ó spéir na h-oíche. D'éirigh agus chuaidh sí fé dhéin an tighe go bhfeachaidh sí na soillse ar lasadh ann agus ligeadg isteach í.
Ní túisce bhí sí istigh ná tugadh a dóthain bia is díghe di. Leis sin dubhradh léi na h-árthaighe a ní den bhórd agus do dhein agus ba mhaith chuige í.
D'iarraidh uirthí fanúint i bhfeidhil an tighe ansan lá na socraide agus d'fhan. Nuair a chonaic an bhaintreabhach-fir go raibh sí comh maith chun a gnótha dúirt sé léi fanúint agus tabhairt aire dá chlainn - ag ní agus ag glanadh dóibh. Comh maith do dhein.
Fé dheire nuair do chonaic an fear go raibh an cailín bocht comh cúramach ag déanamh gach ní timpeall an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig de Paor
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cuilleanain
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge