Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ag seo scéal i dtaobh bean bocht a bhí cráite ag a fear mar bhíodh sé i gcónaí ag maighistridheacht uirthi. Ní raibh cead aici uaidh aon ní do dhéanamh ach freastail air. Lá dá raibh sé ag obair ins an bpáirc do chuir sí ubh ar an tine chun é bheiriú di féin. Nuair tháinigh sé isteach agus nuair a chonaic sé an ubh aice ba d'obair gur leag sé an tig uirthi agus le neart na rachtaí feirge tháinigh air do phléasc ar an intinn aige agus do thit sé siar marbh ar an úrlár.
Do ghlaoch sí ar na comharsain agus do chuireadh i gcóir a thórramh, i ndar ndóigh do chrom an bean bocht é caoine, ach ba mhó é a h-áthais ná a bróin. Ba seo mar a deireadh sí -
"Buíochas le Dia agus le Muire
Gheobhaidh mé suí feasta ag an tine
Ubh mo chirce féin d'ithe
Agus ní bhfuighfidh sé teacht im ghoire
Nach minic a thóg sé mo thuise(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire de Bhál
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cuilleanáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge