Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)

Suíomh:
Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás de Bhál
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 282

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 282

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
  2. XML Leathanach 282
  3. XML “Caoineadh Mháire Ní Donagáin ó Shliabh Gua ar a Driotháir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chuiris do stór i gcomhad go dílis
    In áit na baol do ghaoth ná sínte
    Meirg na dreágha na leomhain dá chíoradh
    Is beidh sé romhat-sa fós no díol ann
    A dhroitáir ó, mo mhíle díth thú!
    Is ba bhreá an sgaothán liom clár geal t-éadan
    Do mhálaí hearta bhí ag teacht lena chéile
    Rosc éigin mall nár bhfallsa féachaint
    Srón deas gan cam gan straonadh
    Is ann do leaca bhí an lasa ná tréigeadh
    Ba dhó a theanga an nár bhréagach
    Agus do bhráighid mar ghraodhuigh a bheith araostach
    Do dháid mar cuilc gan ar aon car;
    Is do chroí bí liomsa de'n daonacht
    Cear geald' uchta a bhí coigilte i bhféile
    Ba sshluasadh geal tú ar each na tréine
    Is le siúl do chos níor loitis aoinne.
    A dhriothár ó, mo mhíle milleadh!
    Dá mbeinn suite mar ba chuibhe dom i bhfuirm
    Do chuirfinn síos do gníomhartha as tuilleadh;
    Go rabhais id pháirtí ag dáibidh Rí mar thuigim
    Déanadh aithrighe 'na ndéarmuighis do córthaibh
    Mar píosa thar líon tú d'imigh
    Nó caora ón Stíobhairt dá goideadh;
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Cuileanáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Leacain Daraigh, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Labhras Ó Cadhla
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal na Molt, Co. Phort Láirge