Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D’fhiafhruigh an t-óig-fear de’n mhurbhach annsan an dtiocfadh sí leis agus é phosadh.“Tiocfad,” ar sise, “mas dáiríribh duit – níl aon dul as agam anois, is dócha agus mé gan mo bhrat.”Bheir sé leis abhaile í agus chuir sé an brat fé ghlas.Pósadh an lá san iad, agus bhí an saoghal ag éirighe go h-áluinn leo go ceann trí mblian ndéag. Bhí dá’r-dhéag pástí gleoite acu fá’n am so agus sláinte an bhrádáin acu go léir.D’imthigh an fear go dtí an t-aifreann i n-a aonar maidean domhnaigh i gcuimhneamh an láe a bhuail a bhean draoidheachta leis, trí bliana déag roimhe sin, ach pé deabhadh nó easba cuimhne a bhí air ámthach d’fág sé an eochair sa ghlas – rud nár dhein sé riamh cheana – agus ar a theacht abhaile bhí an brat draoidhechta beirthe as an gcófra ag an mhurbhach 7 í féin agus a dá’r-fhéag clainne imthighthe fé’n bhfairrge gan a dtuairisc uaid! Ní fheaca sé ó shoin iad.“A,” ar seisean go diambádhach, “mairg a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheál Scelton
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Labrás Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge