Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuir sé scéala go dtí Risteárd teacht chuige agus go dtabharfadh sé a phardún dó go poiblí, do réir reachta na tíre. Ní raibh mórán muinighne ag Risteárd as agus chuir sé freagra chuige á rá go raghadh sé go cearnóg Dúngarbháin chun teangbháil leis agus trí fichid fear ar mhuin chapaill ag a tionlachan. Bhí eagla an fhill air, an rud be cleachta le h-uaisle na h-aimsire sin. Chuir Usher an dara scéala chuige teacht. Ansan do chuir sé é féin i gcóir chun bóthair, é féin agus a comhluadar. Dúirt na sean-daoine, arbh chuimhin leatha é, go raibh sé cosúil le taoiseach lena comhlucht fá thriallamh ag gluaiseacht chun catha. Timpeall lár an lae shroiseadar Cearnóg Dúngarbháin. Bhí Usher ann rompa lena pheiribhic agus a chuid meamram. Do léig an phardún agus do saoradh an Cadhlach agus da dheasga sin tá an Sean-Ramhrann Catha againne ins na Déise :-
"Tá céad fear ó Mhaothail in airm 's in éide
Ag teacht le h-éirí na gréine go h-árd Bharra Chroí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Fhearachair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Labhrás Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge