Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
- XML Leathanach 297
- XML “Scéilín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéilín (ar lean)
“Cailleadh duine bocht aosta, caithte fadó riamh, agus d'imigh a anam go dtí geata na bflatheas i láthair ár Slánnighthóra, céad moladh go deó leis.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Do labhair ár Slánathóir arís agus dúirt leis "Tabharfadh aoibhneas na bhFlaitheas duit - bliain ann in aghaidh gach brobh féir dá bhfuil ar an dtalamh thíos agus cuirfeadh go h-Ifreann na bpian sa deire thiar thall tú".
"Ó faire! Faire" arsa an t-anam "Ní leor san d'aoibhneas na bhFlaitheas agus chrom sé ar sileadh na ndeor arís agus d'iarr ar ár Slánathóir blian a thabhairt in Ifreann dó m'aghaidh gach braon uisce sa bhfarraige agus gach brob féir dá bhfuil ar an dtalamh thíos ar dtúis ach aoibhneas na bhFlaitheas a thabhairt sa deire thiar dó".
Nuair do chuala ár Slánathóir an caint sin uiadh agus nuair do chonaic sé na deora leis do bhog a Chroí agus dúirt "Do gheobhair anois as ucht do ghrásta Dhom, aoibhneas na bhFlaitheas agus sa deire comh mhaith Uaim".- Bailitheoir
- Máire de Bhál
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Coille, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Labhrás Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge