Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (uimhir rolla 8133)
- Suíomh:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Nóra Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar leanamhaint.gach aoinne fado, agus bhíod fear ag gabhail timcheall agus múnla aige, ag déanamh na gcoinneal dos na daoine.Déanamh ciseán:- Ciseáin a bhíodh le h-aghaidh gach saghas oibre timcheall an tighe agus is iomhda shaghas agus déanamh ciseán a bhíodh ann. Bhíodh ciseán droma cun móna d'aistrin ar an móin, agus cun gabáiste a thabhairt isteach. bhíodh sciath chun prátaí a iomchar; cun aiteann a thabhairt do chapaill agus rudaí eile.
Bhíodh ciseáin le h-aghaidh ubh agus éadaighe a choiméad. Céird ba eadh deanamh na gCiseán, agus bhíodh dáoine dá ndéanamh mar shlighe bheatha.
Gréasaidheacht - Tá an chéird seo imtighthe ar fad, geall leis.
Bhíodh cúigear nó seisear greasaidhthe sa pharóiste seo, agus iadh ag déanamh mar ba mhaith leo; mar ní caiteadh aoinne bróga siopa fadó; ach iad a chur á ndéanamh go dtí an ngréasaí.Díonadoireacht:- Seo céird eile atá ag dul in(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eilís Ní Chadhla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Cáit Breathnach
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge