School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 151

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 151

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 151
  3. XML “Fáilte Uí Dhomhnaill”
  4. XML “Protastúnaigh an Phointe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Níor baineadh do'n obair ó sin amach go dtearnadh an droichead
    (Nansaí Aoidín, Baile an Mhuilinn, Ailt a' Chorráin a d'innis. Seán Ó Domhnaill as an áit cheadna a scríobh síos. Deir sé go rabh sé as cuimse an méad Fiannaidheachta, sean scealtaí, paidreachta etc. a bhí aicí. Ba ins na cruic a chaith sí tús a saoghail)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhíodh cuid mhór Produstanaigh ar an Pointe seo thall i bhfad ó shoin agus ba gráthach leobhtha bheith comh dubh géar is thiocfadh leo.
    Phós bean Caitliceach fear de'n dream seo ach d'fhan sí dílis da creideamh fhéin.
    Oidhche amhain bhí rún ag na Prodústanaigh éireighe amach agus dúnmharbhadh a dheánamh ar Gael na háite. Thainic siad isteach le achan rud a nochtadh don fhear seo. Bhí an bhean na luighe sa leabaidh ag éisteacht leobhtha. D'fhág siad a guid gunnaí ar an urlár agus thoisigh an bean ag urnaigh.
    Nuair a d'fhéach na fir leis na gunnaí a thógail arais ní thiocfadh leobhtha; bhí a gcuid airm greanuighthe don urlár. Thainig eagla an domhain ortha agus d'iarr siad ar an bhean cuidiú leobhtha. D'éirigh sise agus thóg sí na gunnaí gan buaidhreamh ar bith.
    D'imthigh na Produstanaigh agus iuinidhe an domhain ortha. Ca dtearna siad dúnmharbhadh ar na Caitlicibh an iarraidh sin.
    Nuair a fuair an bhean seo bás, cuireadh í i reilig Mhachaire Galthan agus nuair a bithear ag cur na conrach sa bhád le na tabhairt trasna thuit an teach in a diaidh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
      2. ealaín bhéil (~1,483)
    Language
    Irish