Scoil: Meenacahan (uimhir rolla 6063)
- Suíomh:
- Mín Uí Chatháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Meenacahan
- XML Leathanach 264
- XML “Scéal”
- XML “An Cailín Cliste”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus goid sé muc ó'n sagart.”
(ar lean ón leathanach roimhe)an fear amach in asgaidh.- Bhí cailín ann aon uair amháin agus bhí beirt bhuachaill aice agus ní rabh fhios aice caidé an fear acu a nglacfadh sí. D'fhiafruigh sé dó'n mháthair cáid a ndéanfaidh sí agus dubhairt an mháthair leithe mála a thabhairt leithe agus dul a chruinniú. Chruinnigh sí an méid bratógaí a bhí 'san teach agus chuir sí uirthí iad agus nuair a bhí sí gléasta chuaidh sí go teach ceann de na buachaillí agus d'iarr loistín. Dubhairt an bhean a bhí 'san teach nach rabh siad ag coinnealt duine ar bith ach go gcoinneóchaidh sí isean an oidhche sin. Rinne sí sráideóg dithe agus chuaidh an cailín in a luighe. Nuair a tháinig an buachaill abhaile thúsaigh sé ag sgamháil agus bhí sé an midh-shásta le na mháthair cionnus gur choinnigh sí an bhean. D'éirigh an cailín le nabú an lae agus d'imthigh sí abhaile, agus d'innis an sgéal do'n mháthair. An oidhche in a dhiaidh sin chuaidh sé go teach an bhuachala eile agus rinne an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Róise Ní Chíonaoith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Uí Bhradáin, Co. Dhún na nGall