Scoil: Meenacahan (uimhir rolla 6063)

Suíomh:
Mín Uí Chatháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 276

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 276

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Meenacahan
  2. XML Leathanach 276
  3. XML “Pléiseam ar an Chaisleán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí lánamháin ann aon uair amháin. Ruaidrí a bhí mar ainm airsan ag Síghle a bhí mar ainm uirtise. Ní rabh meas ag Síghle ar Ruaidrí mar bhí choir dí agus rinn sé gach aon scort a dtiochfadh leithe a dheanfad ag iarraidh faghail réidhtigh leis.
    Bhí Rí in a comnuidhe ins an áit agus. Cuaidh Síghle fhadh leis lá amháin. Seo an cineal cómraidh a bhí eadorta. Arsa Síghle leis, “Níl Rí ar bith eile i n-Éirinn nach bhfuil caisleán úr deanta aige ach tusa”. Maisc deir an rí “Din rud atá doilig a fhaghail fear a dheanadh caisleán. “Aru bí do thost” deir Síghle. Cáide fa Ruaidhrí ar ndoigh ní bhéidh sé i bfad ag ceann duit”. “Sil mise” deir an Rí “Nach dtiochfadh le Ruaidhrí bocht chloc ar bith a leagaint” “Is é an oibrighe is fear sa tír da leighfead an fallsacht do a dheanadh” deis Síghle “D’iarr thusa air theacht annseo amarach” Deir an Rí. Nuair a chuaidh Síghle abhaile an oidhche sin dubhairt sí le Ruaidhrí go rabh an rí a gheall ar é a fheiceal ar maidín. Níl fhíos agam caidhe an gnaithe atá aige liom deir Ruaidhrí leoga níor inns sé sin damh deir Síghle.
    Maidín lá thar na barach d’imtigh Ruaidhrí fhadh leis an rí “Caithfidh tú caisleán ur a dheanamh damh” deir an Rí “Mise nar leag ‘n cloch ariamh caidhe an dóig a dtiochfadh liom caisleán úr a dheanadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge