Scoil: Meenacahan (uimhir rolla 6063)
- Suíomh:
- Mín Uí Chatháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Meenacahan
- XML Leathanach 313
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh dubh agus bán suas an cnoc
D'fhan bán shuas agus
tháinig dubh anuas.
(Lacha a rug uibh)Lacha i ndiaidh dha lachain
agus lacha roimh dhá lachain
Agus lacha ins an lár eadar dhá lachain
Cá mhéad lacha sin?
(Trí cinn)Goidé an fáth a amharcas an gréasaidhe isteach sa bhróg?
( Ní thig leis dul isteach agus amharc amach)Téigh sé fríd an choill agus fríd an choill agus fágann sé bratóg ar achan chrann (Sneachta)Tá teach beag agam agus ní choinnigeann sé luchóg agus tá níos mó fuinnóg air na teach an Ríogh
( Meireachán)Goidé an rud a oibrigheann ar feadh an lae agus a mbíonn in a eadach leabtha ins an oidhche ( Leine)- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Daibhid
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Uí Bhradáin, Co. Dhún na nGall