Scoil: Meenacahan (uimhir rolla 6063)

Suíomh:
Mín Uí Chatháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 269

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 269

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Meenacahan
  2. XML Leathanach 269
  3. XML “Fionn Mac Cumhaill agus Cailleach na gCearc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Fionn Mac Cumhaill amuigh ag seilg lá amháin agus casadh Cailleach na gCearc air. Seo an rud a dubhairt Fionn leis. "Cuirimse fá gheasaibh agus sleata drama draoidheachta do cheann as do chosa do chóimhead a bheith ort fhéin go dtí an Domhain Thoir agus tug anoir ceann tarbh mire fhad liomsa." agus seo an rud a dubhairt Fionn Mac Cumhaill le Cailleach na gCearc. "Cuirimse fá gheasaibh agus sleata drama draoidheachta ban do cheann as do chosa do chóimhead a bheith ort fhéin as gan greim bidh no dighe agat acht Pionán Arbhar ar thaobh duit agus tubann bláth géar ort an múd a rachadh fríd cró snathaide go dtugfidh mise arais." "Tóg do gheasa díom" arsa Cailleach na gCearc le Fionn Mac Cumhaill. "Ní bhrisfidh mise m'fhocal na fhios gníodh tusa fadó shoir." D'imthigh Fionn leis go dtí an Domhain Thoir agus 'fhobhair go muirfeadh an tarbh mire é. Ghear sé an ceann de'n tarbh mire agus thug sé ceann an tarbh mire ionnus ar Cailleach na gCearc.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Teanga
    Gaeilge