Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 102
- XML “Comhairle an Duine Aosta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Sé mo chomhairle seo díobh fánacht mar atá sibh," ars an t-athair. Ach ní rabh gar ann, b'fhearr leobhtha-san é na toighthe agus an talamh agus an t-airgead a roinnt.
D'iarr sé ortha cliabh mónadh a thabhairt isteach chuige. Thug.
Chuir sé iomlán na mónadh ar an teinidh i gcuideachta a chéile. Shuidh na fir óga go bhfeicfeadh siad caidé a bhí faoi'n duilleóg ag an t-sean-duine.
Nuair a bhí an teinidh dearh bhí bladhairí ag dul 'nn gcreathach. Thug an sean-duine leis sluaisaid agus sgab sé an teine fríd an teach. I gceann cúíg bhomaite ní rabh a'n drithleóg beo inntí.
"Anois a chlann," ars an sean-duine, "nuair a bhí an teine sin i gcionn a chéile bhí sí ag deargadh go bréagh agus dá luathas agus sgabadh í chuaidh sí as. Sé na dalta agaibh-se é," ars an sean-duine, "nuair atá sibh ag déanamh gnáithe maithe níπ caill agaibh altughadh.
Sé mo chomhairle díobh fánacht i gceann a chéile nó má sgabann sibh éireochaidh dálta na teineadh dibh. Tiocfaidh mí-ráth oraibh i ngearr-aimsire. Tá saidhbhris mór i dtaiscidh in mo chuid talamhan-sa, agus ní'l cead agaibh-se é a chuartú ar dhóigh ar bith ach i ndóigh amháin,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall