Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 109
- XML “Siógaí Dhún Gheanainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gránnda Dún Geannain mar dálba ar rud duit teacht annseo a saladh mo chuid féur agus a’ strocadh me chuid crainn ubhalaí.
“Le do neamh thoil tháinig mise annseo,” deir Síogaidhe, “agus le do neamh chómhairle fágfas mé”. “Coinnaigh go bhfuigh mise greim ort,” deir an fathach leis. D’fhiafruigh an fathach do annsin cé aca a bhfearr leis greimeannaí caola crúaidhe carraidhheachta no buillí beaga crúaidhe claidh bheacha.
“Ó, maise bíodh de rogha agat fhéin,” deir Síogaidhe, “ar is tú is laige,” “Is fearr liomsa greimeannaí caola crúaidhe carraidheachta,” deir an fathach.
Chuidh an bheirt i gcionn a chéile annsin agus níor bhfada bhí go dtí gur steall Síogaidhe Dhún Geannain na cúig cinn, na cúig muineail agus na cúig meall de agus d’fág sé na luighe annsin marbh é. Thug sé leis a chuid ba annsin agus bhain sé an baile amach. D’fhiafruigh Grúagach dó rabh sgéal úr ar bith leis agus dubhairt sé nach rabh.
“Is fearr mise nó thú mar sin,” deir Grúagach, or tá sgéal úr agam.” Ni’l ‘n oidhche ó tháinig mise annseo nar mhothaigh mé ceithre gairí ó chúairt na fathannaí agus anocht níor mhothuigh mé ach beirt.
“Dá mbéadh dadaí eile a’ tabhairt buaidhreadh duit,” deir Síógaidhe, “Ní ar garaí nó ar caointí bheithfeá smhaotughadh”. Fuair sé a shuipear annsin mar ba gráth cárta leanna agus builbhín pinghinn agus croiceann an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Faisnéiseoir
- Sean Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall