School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 109
- XML “Siógaí Dhún Gheanainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gránnda Dún Geannain mar dálba ar rud duit teacht annseo a saladh mo chuid féur agus a’ strocadh me chuid crainn ubhalaí.
“Le do neamh thoil tháinig mise annseo,” deir Síogaidhe, “agus le do neamh chómhairle fágfas mé”. “Coinnaigh go bhfuigh mise greim ort,” deir an fathach leis. D’fhiafruigh an fathach do annsin cé aca a bhfearr leis greimeannaí caola crúaidhe carraidhheachta no buillí beaga crúaidhe claidh bheacha.
“Ó, maise bíodh de rogha agat fhéin,” deir Síogaidhe, “ar is tú is laige,” “Is fearr liomsa greimeannaí caola crúaidhe carraidheachta,” deir an fathach.
Chuidh an bheirt i gcionn a chéile annsin agus níor bhfada bhí go dtí gur steall Síogaidhe Dhún Geannain na cúig cinn, na cúig muineail agus na cúig meall de agus d’fág sé na luighe annsin marbh é. Thug sé leis a chuid ba annsin agus bhain sé an baile amach. D’fhiafruigh Grúagach dó rabh sgéal úr ar bith leis agus dubhairt sé nach rabh.
“Is fearr mise nó thú mar sin,” deir Grúagach, or tá sgéal úr agam.” Ni’l ‘n oidhche ó tháinig mise annseo nar mhothaigh mé ceithre gairí ó chúairt na fathannaí agus anocht níor mhothuigh mé ach beirt.
“Dá mbéadh dadaí eile a’ tabhairt buaidhreadh duit,” deir Síógaidhe, “Ní ar garaí nó ar caointí bheithfeá smhaotughadh”. Fuair sé a shuipear annsin mar ba gráth cárta leanna agus builbhín pinghinn agus croiceann an(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Informant
- Sean Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Meenacloy, Co. Donegal