Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 110
- XML “Siógaí Dhún Gheanainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sean gearran ban le luighe air.
An tríomhadh lá an cleas ceadna.
Nuair a chuaidh sé amach annsin an ceathramhadh maidin.
Chuir sé na ba isteach go páirc na fathannaí agus chuaidh sé fhéin suas i gcrann mór ubhalaí agus thosaigh sé fhéin ag ithe an chuid a bhfearr aca agus ag caiteadh annuas an chuid eile fhad leis na ba.
Níor bhfada a bhí gur mhothuigh sé toim da strocadh agus crainn da reabadh go dtáinig amach an sean fathach mór é fhéin.
“Ó, maise míle mara fan ortsa”, Síogaidhe grannda Dún Geannain mar dálba an rud duit theacht isteach annseo a shaladh mo chuid féir agus a strocadh mo chuid crainn ubhalaí”. Mharbhuigh tú triúr de mo chuid gasúraí ach cuirfadh mé geall cuirfidh mise cipín leat. Ce aca is fearr leat deir sé le Síógaidhe, greimeannaí caola crúaide carraidheachta na buillé beaga crúaidhe de bharr claidheacha.
Ó, maise bíod dho rogha agat fhéin deir Síogaidhe or is tú is laige. Is fearr liomsa na buillí beaga cruaidhe de barr claidheacha deir an fathach. Chuaidh an bheirt I gcionn a chéile agus níor bhfada bhí go rabh an fathach mór na luighe ar an talamh agus Síogaidhe ina seasamh os a cheann gabhail a baint an ceann de.
“Na mharbhuigh mise deir an fathach leis agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Faisnéiseoir
- Sean Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall