Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)

Suíomh:
An Chruach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Duibhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 111

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 111

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach
  2. XML Leathanach 111
  3. XML “Siógaí Dhún Gheanainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    roinnfidh mé an méid atá agam”. “Caidé tá agat le roint le duine ar bith,” deir Síogaidhe leis.
    “Tá mise liom fhéin anois,” deir sé, “agus tá seomra lán-óir agam agus roinnfidh mé sin leat.”
    “Cé tá gabhail a baint sin díom mo mharbhuighim tusa”. “Níl aon duine,” deir an fathach.
    “Mar sin de ní bheidh tusa beo níos fuide,” agus tharraing sé amach a claidimh agus bhain sé an ceann de. Thiomain sé leis a chuid ba abhaile annsin. Ní rabh faghail ar an méid soithighe is choinneochadh an méid bainne a bhí ag na ba an oidhche sin.
    D’fhiafruigh Gruagach do annsin rabh sgéal úr ar bith leis agus dubhairt Síogaidhe nach rabh.
    “Is fearr mise no thú mar sin deir Grruagach or tá sgéal úr agam. Níl ‘n oidhche ó tháinig mhise annseo nar chualaidh mé ceithre gairí ó chúairt na fathanní agus anocht níor chualaidh mé ceann ar bith”.
    “Dá mbheadh dadaí eile a’ tabhairt buadhradh duit”, deir Síogaidhe, “ní ar gairí nó ar caointí bheithfeá a’ smaotughadh”. Fuair sé cárta leanna annsin agus builbhín pinghinn le na suipear agus croiceann an sean geáran bán le luighe air. Ma ba lúaithe d’éirigh an lá cinnte ba lúaithe no sin d’éirigh Grúagach a’ gaire.
    Bhual sé cíc ar Síogaidhe agus d’iarr sé air bheith amuigh le na chuid ba. D’éirigh Síogaidhe agus fuair sé a bricfeasta. Chuaidh sé amach annsin agus seas sé ar an árdán agus bhual sé buille cómhraic nar fhág ‘n
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Faisnéiseoir
    Sean Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall