Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 115
- XML “Siógaí Dhún Gheanainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rinne an fear beag ribeach Ruadh le dhá mhac deug Gruagach A Gaire. Dubhairt Síogaidhe annsin leis an fear beag ribeach Ruadh go reabadh sé an binn agus go gcuirfeadh sé deireadh aca ‘un bhais, mar dtabhradh sé a dhá mhac deug, a dhá chú deug, a dhá bheath deug agus a dhá seobhach deug do Gruagach A Gaire agus le cois a úbhall, a shiúl agus a gháire. Chuaidh an fear beag ribeach Ruadh agus shéid sé a ánal os cionn an coraigh galach a bhí ann agus léim dhá mhac deug (7 r l) amach as an choraigh sleamhain, slíoctha slán. Séid sé a ánal aris (os cionn an coraigh) I mbeul Gruagach A Gaire agus fuair sé a’ ghaire. Shéid sé a ánal isteach ina a shiúl agus fuair sé amharc na súile agus annsin thug sé an t-úbhall dó. Mar sin de fuair sé a shiúl, a ubhall agus a gháire le cois a dhá mhac deug, a dhá chú deug, a dhá bheath deug agus a dhá seobhach. Chuaidh Síogaidhe Dhún Geannain agus Gruagach A Gaire agus an t-iomlan abhaile annsin. D’innis Síogaidhe do Gruagach caide mhar bhí agus an t-adhbhar a d’fhág sé ar an sgéal a innseacht. Chuaidh Síogaidhe é fhéin fhad le inghean Ríogh na h-Eireann annsin agus bhí sise tailteanach é a phosadh. Rinne sí sin. Bhí baineis aca a mhair lá agus bliadhain.
Ní rabh dhá ghreim de aon bhidhe ann, blas meala a gach aon greim agus bhfearr I bhfad an lá deireannach no an cuid eile uilig. D’ól siad agus cheol siad agus dh’amhsaigh siad a sáith agus nuair a thuit siad uilig thart na gcodhladh bhain mise an baile amach.- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Faisnéiseoir
- Sean Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall