Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 126
- XML “Dóchas na Caillí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)san Iorruaidh agus dá mbíodh trí slicneacha de’n chrann sin agat le dóigheadh faoi na gaothsan chuirfeá an tóir ar an chuilceach”.
Ar maidin lá thar na bhárach cuirfadh ar shiubhal teachtaire cruadh gasta dá chuid na comharsan fá choinne na slicneach. Ar an bhealach no cuan thug sé isteach le fear a bhí ag coireadh sean bháid. Bhuail an bheirt ‘un comhraidh agus fríd an chomhradh d’innis an teachtaire caidé’n siubhal a bhí air.
“Dá mbíonnse in do áit se”, ars fear an bháid, “ghearrfainn an aithghiorra. Bheirfinn lán cráige de slisneacha an t-sean bháid cuicí agus bh’fhéidir go leisfeadh siad go í comh maith le slisneacha ar bith eile dá dtiocadh leat d’fhághail”. Thóg an teachtaire do nó trí cheann de na slicneacha agus thug a aghaidh ar an bhaile. Nuair a mheas sé go rabh an t-am aige a bheith arais as an Iorruaidh chuaidh sé fhad leis an caillighe agus na slicneacha leis.
D’iarr sé uirthí suidhe suas. Thug sé teine do na slicneacha faoi na gaothsan agus nuair a bhí an slis deireannach ar shéala a bheith dóighte léim an cuilceach amach ar a beál. “Is dona thú,” ars an teachtaire, “ma’s iad slisneacha an t-sean bháid a chuir an tóir ort.” “O,” ar seisean, “ní h-iad slisneacha an t-sean bháid ach Dóchas na Caillighe”.- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán a Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall