Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí siad fríd coillte agus croic go maidín. Nuair a bhí an lá ag banú chuaidh siad thart ag taobh teach a bhí ann. Bhí cailín Ruadh shuas ag an barr ag amharc amach ar an fhuinneóg. Chuir sí céad míle fáilte agus sláinte roimhe Fionn agus roimhe troighthe go leith fear.
D’fhreagair Fionn í mar an gcéadna. “Gabh anios annseo”, ars sí le Fionn, “tú fhéin agus do bhuachaill go dtí go labharfaidh mé libh”
“Mo dhona agus mo dhorn ma théigheann”, deir Fionn, “na ní bhfuair mé leithid amh iriamh is fuair mé ó tháinig mé isteach ar an oileán”.
“Gabhaigidh aníos”, deir sí, “agus mar ndeánfaidh mise maith daoibh ní dheanfhaidh mé dochar daoibh. Rinne Fionn amach go rabh sí sona, socamhlach agus chuaidh sé suas a’ cainnt leis an bhean Ruadh. Rinne sí an a fhear amhailte pompu nuair a chuaidh siad suas. D’éirigh sí agus rinne sí réidh a gcuid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus A Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Faisnéiseoir
- Seán a Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall