Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 181
- XML “Le Linn é Bheith ar Fastó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a chualaidh bean an fhéirméar caidé mar bhí, leig sí uirthí fhéin go rabh sí tinn agus nach ndéanfadh aon seort maith dithe ach cuid den tairbh a fhághail le h-ithe.
Fuair an tairbh fios ar dhóigh eighinteacht go rabhadar gabhail da mharbhadh an oidhche sin agus d’iarr sé ar an ghasúr na ba a chuir isteach agus eisean a fhaghailt amuigh agus go rachfadh an bheirt aca ar shiubhal fhad leis an choill an oidhche sin. Chuir seisean isteach na ba agus nuair a bhí sin déanta aige chuaidh sé fhad leis an áit a rabh an tarbh.
Léim sé ar a dhruim agus d’imthigh said fhad leis an choill. Dubhairt an tarbh beag leis an ghasúr annsin go dtiocfadh tarbh eile fhad leis an amárach agus go mbéadh troid mhór eadortha ach go mbuailfeadh seisean é. D’iarr an tarbh beag airsan dul suas ar chrainn agus ma bith tchídhfeadh sé gan labhairt.
Tháinig an tarbh. Bhí an troid agus bhuial an tarbh beag an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus A Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann