Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 182
- XML “Le Linn é Bheith ar Fastó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tarbh eile. An cleas ceadna an darna lá. An tríomhadh lá an cleas ceadna ach dubhairt an tarbh beag go rabh seans go mbuailfeadh an tarbh coimhthigheach eisean.
D’iarr sé air dul suas ar an crann agus gan labhairt. “Ach,” ars sé, “ma mharbhuigheann an tarbh coimhthigheadh mise gheobhaidh tú sgian a bhfuil cois bán ann a’ bun m’adhairce. Bain tusa trí ribíní croiceanna diom ó barr no ó mhullach mo chin no bun mo ruball agus ceangail thart ort fhéin iad.” Tháinig an tarbh coimhthigheach agus mharbhuigh sé an trabh beag. Rinne seisean trí caointe nuair a chonnaic sé an tarbh beag a bhí aige fhéin a’ tuitim. Marbhadh an tarbh beag agus tháinig seisean anuas agus bhain sé na trí ribíní beaga de agus cheangail sé tarcis iad. Ní rabh aon seort le déanadh aige annsin ach gabhail ar aimsear chuig feirmeor eile agus chuaidh. Chuir sé sin amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus A Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann